English Text

Bhunaigh Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille Scéim Chéad Fhreagróir Pobail (CFP) Ghleann Cholm Cille i mí an Mhárta 2010 chun Scéim Chéad Fhreagróir a chur ar fáil go háitiúil a fhad is a bheadh an t-othar ag fanacht ar an otharcharr i gcás éigeandála cairdiach.

Agus maoiniú faighte againn trí dheontais agus trí shíntiúis ón pobal, tá an grúpa ag obair ar sheacht (7) ndífhibrileoir a chur ar fáil in áiteacha éagsúla ‘taobh amuigh’ ar féidir teacht orthu go furasta; ina measc tá:

 

  • Málainn Bhig:
Malinbeg Hostel - ar an bhalla trasna ón charrchlós (taobh Glinne)
  • Málainn Mhóir:
Oifig an Lár Chomhairle – ar bhalla an fhoirgnimh díreach trasna ón bhóthar
  • Caiseal:
Siopa Uí Bheirn (Byrne’s Food Store) ar bhalla an fhoirgnimh stórála trasna ón tsiopa
  • Mín an Aoire:
Ionad Pobail Mhín an Aoire – ar an bhalla in aice leis an doras tosaigh ar thaobh ná láimhe clé
  • An Charraig:
Ostán Shliabh Liag – ar an bhalla tosaigh ar phríomhshráid na Carraige
  • Teileann: 
The Rusty Mackeral – ar bhalla an sciobóil adhmaid sa charchlós trasna ón Rusty
  • Na Mínte:
Le deimhniú

Nóta: Mar gheall ar Covid19 iarradh ar gach Scéim Chéad Fhreagróir Pobail ‘Éirí As’. Ciallaíonn sin nach féidir le Scéim Chéad Fhreagróir Ghleann Cholm Cille  (SCFG) scairteanna ar bith a fhreagairt.

Chomh luath agus a thugtar cead ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), beidh Scéim Chéad Fhreagróir GCC ar obair arís agus cuirfear traenáil athnuachana ar fáil do na Freagróirí deonacha agus scaipfear eolas ar shuíomhanna na ndífhibrileoirí go háitiúil.

Le páirt a ghlacadh i Scéim Chéad Fhreagróir GCC cliceáil anseo le do thoil nó téigh i dteagmháil le hoifig LCPG nó le ball ar bith den ghrúpa. Cuirfear traenáil (CPR & Dífhibrileoir) ar fáil saor in aisce le Teagascóirí Cáilithe go háitiúil. Mar ghrúpa deonach, bheadh muid iontach buíoch as do chuidiú.

I gcás éigeandála ar nós;

  • Stad Cairdiach
  • Titim i laige
  • Duine gan aithne gan urlabhra (An chúis/ Gan an chúis ar eolas)
  • Duine i mbaol á bháite
  • Tachtadh (Comhfhiosach/ Gan aithne gan urlabhra)

 Cuir scairt ar 999 nó 112 láithreach!

 Déan athbheochan chardascamhógach (CPR) má tá sé ar eolas agat