Gach aon bhliain bíonn muid an-ghnóthach thar an tSamhraidh le Campaí Samhraidh eagraithe againn do gach aois grúpa. I 2025 rinne muid sé seachtaine ina iomláine de champaí, trí seachtaine i nGleann agus trí seachtaine i dTeileann. Bhí campaí againn do gach aois grúpa, páistí 3-6 bliana i dTeileann agus i nGleann, páistí 7-12 bliana i nGleann ag an chlubtheach agus an pháirc pheile, agus do na déagóirí 13+ i dTeileann ag an Choláiste Aoidh Mhic Bhricne. Ina iomláine, bhí níos mó ná dhá chéad páistí páirteach orthu. Ar na campaí seo, bíonn fostaíocht cruthaithe againn do mhic léinn tríú leibhéal nó do mhúinteoirí óga a bhfuil suim acu obair linn. Chomh maith, bímid ag obair le comhlachtaí áitiúla chun fiontraíochta a chruthú leofa fríd ranganna, cuir i láthair, agus áiseanna a chuir ar fáil, comhlachtaí cosúil le An Chlachán, Oideas Gael, Béachóga Dhún nan Gall, Aislann Cill Chartha, Cadhcáil cill Chartha, Turais Bháid Shliabh Liag, Muileann Choirce Leitir, Snáth Dhún nan Gall, Ionad Phobail Mhín an Aoire, comhlachtaí bus, srl.
Every Summer we are busy organising Summer Camp activities for the young people of the area, and we usually do our best to offer something for every age group. This year 2025, we ran a total of six weeks of camps, three weeks in Cashel, Glencolmcille and three weeks in Teelin. We had camps for all age groups. For the young children aged 3-6 years we had camps in both Glencolmcille and Teelin, for the school going aged children 7-12 years we had two weeks of camp in Glencolmcille whilst for the teenagers we had two weeks of camp at the Irish college in Teelin. In total, we had more than two hundred children participate. Through these camps, we create Summer employment for third level students from the local area and for young teachers who are looking for work for the Summer months. Additionally, we try to integrate our progams with locally based companies and organisations through offering educational and fun trips to sites such as Glencolmcille Folk Village, Oideas Gael, Donegal Bees, Aislann Cill Chartha, Leitir Corn Mill, Kilcar Kayaking, Sliabh Liag Boat Trips, Meenaneary Community centre, local bus companies, etc.







