Tá gairdín Pobail againn ar an Chaiseal, i nGleann Cholm Cille.  Mar pháirt den ghairdín tá boscaí plandáil taobh amuigh chomh maith le polatollán.  Bhí a lán damáiste déanta ar ár ngairdín pobail mar gheall ar stoirm Eowyn, agus mar sin bhí orainn polatollán úr a fháil i mbliana.  Tar éis a lán iarratais a dhéanamh chun maoiniú a fháil, fuair muid tacaíocht ón Chiste Pobail REACH ón Bhord Oideachais Dhún na nGall, agus thug said maoiniú dúinn chun polatollán úr a cheannach.  Chuaigh an polatollán sin isteach sa ghairdín ag deireadh mí Lúnasa i mbliana.

Le tacaíocht ón Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail Bord Oideachas Dhún nan Gall, léan muid ar aghaidh leis na ranganna garraíodóireachta fríd an tSamhraidh, agus ag teacht le chéile gach seachtain sa ghairdín chun obair a dhéanamh mar ghrúpa.  Thosaigh muid i mí Aibreán/Bealtaine agus tá an ghrúpa ag obair ansin go fóill.  D’fhás muid a lán rudaí, glasraí, torthaí, bláthanna agus luibheanna.  D’obair muid ar na boscaí phlandáil taobh amuigh, agus chuir muid leo le boscaí úra.  Tá thart ar dheich daoine páirteach sa ghrúpa sa ghairdín pobail, ach tá fáilte i gcónaí roimh dhaoine úra a bheith páirteach ann.  Tá súil againn go mbeidh muid ábalta ranganna garraíodóireachta a dhéanamh fríd an Geimhreadh chomh maith.

We manage a Community Garden in the Cashel village Glencolmcille.  The garden comprises several outside beds and a polytunnel.  Unfortunately, our polytunnel in the garden was badly damaged in January 2025 during storm Eowyn.  We applied to various funding opportunities to have it replaced, and with support received from the REACH fund of Donegal ETB, we were able to purchase a replacement polytunnel during the Summer.  This polytunnel was erected in the end of August 2025.

Through support from the ETB Community Education Fund, we continued with our Gardening and horticulture classes in the garden throughout the Summer, starting at the end of April and continuing right up to October 2025.  We grew lots of different produce, vegetables, fruit, flowers and herbs, working this year predominantly on outside planter boxes as we didn’t have access to the polytunnel until recently.  We hope to continue with gardening tips and horticulture classes throughout the winter.