English Text

Mar is léir ónár Ráiteas Misin oibríonn LCPG go dian dícheallach chun an ceantar a fhorbairt agus a chur chun cinn ar ardáin éagsúla.   

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, tá Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille ag feidhmiú óna oifig i Málainn Mhór agus maoinithe chun Oifigeach Forbartha a fhostú (ról lán-aimseartha).

Tá cur chuige ‘ón bhonn aníos’ againn i dtaca leis an fhorbairt phobail sa cheantar, agus tá an Ghaeilge agus athneartú na teanga mar chuid lárnach de chlár oibre an Lár Chomhairle. Agus sinn ag comhoibriú leis na paróistí in aice láimhe, Cill Chartha & Ard an Rátha, bhunaigh muid Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga ina bhfuil ochtar mar bhaill de, agus d’éirigh lenár n-iarratas ar Phlean Teanga 7 mbliana do Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Dhún na nGall Theas. Roghnaíodh Béal an Phobail mar bhranda nuair a cuireadh tús leis an phróiseas pleanála teanga sa cheantar. Thosaigh Aisling Ní Churraighín ar a ról mar Oifigeach Pleanála Teanga i mí Feabhra 2020 agus cé gur am dúshlánach a bhí i gceist i dtaca le COVID-19 agus í ag tosú amach, tá ag éirí léi tionchar an-láidir agus an-dearfach a imirt.

Ón lá ar bunaíodh é, tá LCPG ag obair go dlúth le Comhairle Contae Dhún na nGall, Údarás na Gaeltachta agus eagrais Stáit eile (mar shampla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Fáilte Ireland etc.) ar mhórcheisteanna a bhaineann leis an cheantar. I measc na gceisteanna a mbíonn ár n-áird dírithe orthu go rialta, tá forbairt ó thaobh infreastruchtúir ar nós bóithre, tithíochta, soilse, seirbhísí ag na tránna & bealaigh isteach, comharthaíocht, fálta a bhearradh, uisce agus cumarsáid. Achan bhliain, stiúraíonn an Lár Chomhairle Campaí Samhraidh, agus Garraí an Phobail chomh maith le ranganna oideachasúla, imeachtaí sóisialta do dhaoine fásta agus do dhaoine óga.

Agus muid i gcónaí ag amharc i dtreo ról níos mó a imirt in earnáil na turasóireachta, tá forbairt á déanamh ar thograí fóillíochta mar chuid d’obair LCPG le blianta beaga anuas; ina measc, tá Lúb an  Túir & An Droma i nGleann Cholm Cille agus cosáin agus Ionad Cuairteoirí a tógadh do na haillte iomráiteacha Sliabh a’ Liag. Bíonn muid i gcónaí ag obair i dtreo deiseanna fostaíochta a chruthú, agus rinne an Lár Chomhairle taighde féidearthachta i dtaca le Drioglann a bhunú sa cheantar – ónár bunaíodh Drioglann Shliabh Liag go príobháideach in 2017. Le déanaí, tá an grúpa ag obair go dícheallach ar roinnt tograí a fhiosrú; ina measc: Glasbhealach & Fuinneamh Tonnta a fhorbairt agus suíomh do Dark Skies a aithint. 

Agus muid ag comhoibriú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) síos fríd na blianta, aithníodh bearnaí sna seirbhísí a bhí ar fáil sa cheantar agus a bhí mar chúis imní don phobal áitiúil. Réiteach amháin air seo ná Scéim an Chéad Fhreagróir Pobail a seoladh in 2010 chun an bhearna a laghdú idir an scairt ar 999 agus an t-am a dtiocfadh an t-otharcharr. (**Bíonn fáilte i gcónaí roimh Chéad Fhreagróirí úra teacht ar bord agus cuirfear traenáil ar fáil saor in aisce – cuir scairt ar Aoibheann 087 773 6247 – tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach Scéim an Chéad Fhreagróir Pobail ).  Mar gheall ar na riachtanais a aithníodh go háitiúil, bhunaigh an Lár Chomhairle an grúpa Dementia Befriending Service faoi stiúir Good Morning Service i gCo. Dhún na nGall.  Déanann an Lár Chomhairle ionadaíocht ar an cheantar fosta ar fhóraim ar nós Fhóram Sláinte Pobail Iardheisceart Dhún na nGall & Otharlann Pobail na gCeall.  Chomhoibrigh Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille agus CLG Naomh Columba lena chéile agus bhunaigh siad Grúpa COVID-19 Ghleann Cholm Cille a bhuí le 40 oibrí deonach chun seirbhís tacaíochta a chur ar fáil don phobal áitiúil le cuidiú leofa teacht i dtír ar an ghéarchéim sláinte i dtaca le scaradh sóisialta & féin-aonrú.

Rinne an Lár Chomhairle taighde ar fhuinneamh gaoithe a shaothrú ar thalamh, cúrsaí athchúrsála agus feirmeoireacht saileach síos fríd na blianta fosta agus cé nár éirigh linn dul chun cinn a dhéanamh ar na tograí seo ag an am mar gheall ar rangú an cheantair mar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (SAC) agus imní ar dhaoine faoin tírdhreach/ radharcanna ‘a mhilleadh’ sa cheantar, tá LCPG thar a bheith dóchasach go dtiocfaidh athrú ar an dearcadh seo sna blianta atá amach romhainn chun gur féidir na réimsí seo a fhorbairt sa cheantar.